Cheannaigh siad teach i nDún Éadan ina dhiaidh sin. Bhí an bheirt acu ag obair ansin. Bhí sí ag glanadh oifigí agus bhí a fear sna tolláin. Tháinig siad na bhaile i 1963 agus bhí sí ag cócaireacht in ostán Fleets Inn. Thóg siad teach i mbaile a fear céile sna Dúnaibh. Bhí caoraigh agus eallach acu. D’oibir sí ag doctúir fosta ar feadh 25 bliain.
00:04:54
A cuimhní ar bhuachailleacht fá na Machaireacha. Théadh léir de bhunadh na háite thíos sa tsamhradh, ag stopadh sna tithe ansin, bhíodh an t-eallach istigh fosta, ní raibh fuinneoga ar bith iontu mar go mbeadh cíos le díol dá mbeadh fuinneoga iontu. Bhíodh obair chrua le déanamh ag na páistí san am sin. Bhí eadarthú le déanamh agus tine le cur síos. Bhí buachailleacht mall sa tráthnóna ansin.